School: Clochar na Toirbhirte, Tuaim (roll number 12234)
- Location:
- Tuam, Co. Galway
- Teacher: An tSiúr M. Proinseas
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fuair mé a lán seanchas aréir ó mo mháthair idtaobh na háiteanna seo a leanas.
Bóthar na Sgríne: Fadó tugtar bóthar na Sgríne ar an áit ar a tugtar Sráid an Easbuig anoi. Sul a fuair Sean d'Búrca árd Easbog Tuama bás do chruinnigh sé iarsmaí Naoimh Iarfhlaith. San am bhí sé ar theicheadh , agus ní raibh fhios aige, ceard a dheanfhafh sé leis na híarsmaí. D'fhan an sgrín in a seilb go dtí an bhlian 1654. Ar fhaitchíos go gcaillfhidhe sé iad, thug sé iad do Maeleaclann Ó Concubhar. bhí siad aige go dtí an bhlian 1831. Ach ó shoin í leith níl fhios ag aoinne cá bhfuil siad.
Tobar Iarfhlaith: Bhí tobar beannuighthe ingár do Thuaim ar a tugtaoi Tobaf Iarfhlaith ach mhúchadh é blianta ó shoin. Gall Easbog dárbh ainm Sloinne Pluinncéad ba cionntach leis an mhúchadh.
Muilleann na Leipreacán: Tá áit in-a dtugtar Muilleann na leipreachán ar bhóthar baile an muilleann. Deirtear go bhfuil na sídheóga ag cloisteáil istigh ins an Muilleann. San t-sean aimsear, bhearfhadh na daoine a gcuid cruithneachta dan Muilleann san oidhche, agus bheadh sé méilte ar maidin. Ar chuma(continues on next page)- Informant
- Mrs Conolan
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- Tuam, Co. Galway