Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Northampton, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)caoch ag éirighe thairring sé luachar leis. Nuair a thairring bhuail dash uisge isteach in a súil air. Nuair a d'éirig sé suas bhí radharc aige. Ar seisin leis an bhfear bacach
"Céad buidheachas le Dia tá mo radharc agam."
Dubhairt sé leis an fear bacach a chos a nighidh ann agus rinne. Chuadh an bheirt aca abhaile leigeasta.Bhíonn síad ag dul ann Lá'l Féil' Cholm Cille agus bíonn siad a siubhal ó'n tobar go Cilleadh Cudhach an áit a bhfuil sé curtha agus deireann siad paidir ós cionn a uaighe.
Tá sgéal ann faoi tobair Mhic Tuath i nDún Guaire agus agus seo é:-Bhí sgata naomh in aon líne amháin ó Cilleadh Cudhach go Sruth na Naomh atá ar agaidh an gheata atá ag dul suas ag Seamount thar éis seípéal a dhéanamh i gCilleadh Cudhach. Dubhairt ceann de na naomh a bhí ann:-
"Tá sé críonnuighthe anois agus go raibh corp ann chuile mhaidin Dé Luan."
Nuair a dubhairt sé é leis an naomh a bhí i ndáil leis tháinig sé ó cheann go ceann nó go dtáinig ó dhuine go duine gur tháinig sé ag an duine a bhí in a sheasamh ag Sruth na Naomh i gCinn Mhara. Séard dubhairt an naomh a bhí annsin:-
"má bhíonn go mba druid é."
Ó shoin bíonn druid marbh ann cuile Dé Luan.
Maidir leis an gceann atá i gCondae an Cláir sé an t-ainm atá air ná Dagh Bhrigdhe. Nuair a théigheann tú ann caithfidh tú paidreacha a rádh roimh éirigh na gréine agus arís sul a théigheann sí faoi. Tá sgéal ann faoi agus seo é:-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ristéard Ó Cobhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Riocáird de Búrca
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann