Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)

Suíomh:
Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0121

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0121

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Northampton
  2. XML Leathanach 0121
  3. XML “Scéalta faoi na Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    caoch ag éirighe thairring sé luachar leis. Nuair a thairring bhuail dash uisge isteach in a súil air. Nuair a d'éirig sé suas bhí radharc aige. Ar seisin leis an bhfear bacach
    "Céad buidheachas le Dia tá mo radharc agam."
    Dubhairt sé leis an fear bacach a chos a nighidh ann agus rinne. Chuadh an bheirt aca abhaile leigeasta.
    Bhíonn síad ag dul ann Lá'l Féil' Cholm Cille agus bíonn siad a siubhal ó'n tobar go Cilleadh Cudhach an áit a bhfuil sé curtha agus deireann siad paidir ós cionn a uaighe.

    Tá sgéal ann faoi tobair Mhic Tuath i nDún Guaire agus agus seo é:-
    Bhí sgata naomh in aon líne amháin ó Cilleadh Cudhach go Sruth na Naomh atá ar agaidh an gheata atá ag dul suas ag Seamount thar éis seípéal a dhéanamh i gCilleadh Cudhach. Dubhairt ceann de na naomh a bhí ann:-
    "Tá sé críonnuighthe anois agus go raibh corp ann chuile mhaidin Dé Luan."
    Nuair a dubhairt sé é leis an naomh a bhí i ndáil leis tháinig sé ó cheann go ceann nó go dtáinig ó dhuine go duine gur tháinig sé ag an duine a bhí in a sheasamh ag Sruth na Naomh i gCinn Mhara. Séard dubhairt an naomh a bhí annsin:-
    "má bhíonn go mba druid é."
    Ó shoin bíonn druid marbh ann cuile Dé Luan.

    Maidir leis an gceann atá i gCondae an Cláir sé an t-ainm atá air ná Dagh Bhrigdhe. Nuair a théigheann tú ann caithfidh tú paidreacha a rádh roimh éirigh na gréine agus arís sul a théigheann sí faoi. Tá sgéal ann faoi agus seo é:-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ristéard Ó Cobhthaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Bean Riocáird de Búrca
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann