School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Northampton, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Northampton
- XML Page 0131
- XML “Béaloideas - Na Fianna”
- XML “Béaloideas - An Cóiste Bodhar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis an bfholcadh shuidh siad síos agus shíl siad gur i gcloich [< gloich] a bhí suidhe [< suidh] ortha acht bhí siad amugha. Tar-éis tamaill [< tamall] bhí siad cúig mhíle troigh san aer le leadóg "shark" ar a raibh siad ina suidhe. Tháinig siad shíos in aghaidh cloiche agus iad fuar marbh.
- Béal Oideas.
Na Cóiste Bodhar.Bhí sean-fhear ó mBhallinderreen ag dul go tórraimh i mBaile na Gaoithe in aice le Árd Rathaín dárb' ainm dó Páid Ó Ceallaigh. Ní raibh mórán de'n aistir siubhalta aige nó go dtáinig cóiste bodhar. Stad sí agus fuair an fear "spin" go dtí teach an tórraimh. Nuair a bhí sé istigh sa gcóiste thuit sé leis an sgannradh air nuair a chonnaic sé ceithre caiplí gan ceann ar aoinne aca. Agus rud ba mheasa ní raibh ceann ar an tiománaidhe. D'imthigheadar leo annsin nó go dtáinigeadar in aice le abha. Stop an cóiste agus leigeadh an fear amach. Isteach san abhainn leis na caiplí agus ní dhearna siad torann ná gleo nó go raibh siad imthighthe as a amharc. Nuair a bhí sé ag dul isteach an doras thuit sé agus briseadh a mhuinéal.
(2) Oidhche amháin bhí bean ag teact ó'n mbaile mór agus bhí sé an-deireannach. Tháinig cóiste bodhar an bealach agus stop sé agus chuaidh an bhean isteach agus chonnaic sí na sidheóga ag cur amac a dteangacha(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Conghaoile
- Gender
- Male
- Address
- Gortaboy, Co. Galway