School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Northampton, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-Sgéal :- Scológ na Féasóige LiathaNí raibh ann ach Seán agus a mháthair agus bhíodar fíor-bhocht. "Déanfaidh mé aimsir leis an bhfairrge, lá is blian" adeir an mac. "Ara, cá bhfuil tú ag dul" arsan máthair, "ní gheobhfaidh tú aon phioc annsin go deo." "Féachfaidh mé é, ar chaoi ar bith" adeir sé. D'imthigh leis. Bhí sé cúpla lá a' siubhlóid, agus chonnaic sé bád lá, ag teacht ar bhárr na fairrge. Bhéarfadh sí ar an ngaoith a bhí roimpi, agus ní bheárfadh an ghaoth a bhí 'na diaidh uirri, bhí sí ag teacht chomh mear sin. Tháinig an bád i dtír agus chuaidh an fear a bhí innte chomh fada le Seán. "An n-imreóchthá cluiche cárta?" adeir an Scológ (i. an fear stráinséarach) "Imreóchaidh" arsa Seán. Chuadar ag imirt. Rug Seán air. "Cuir do gheas anois" adeir an Scológ, "cérbí rud atá uait" "B'ait liom teach deas a bheith agam féin agus mo mháthair", arsa Seán. Bhí sin roimhe nuair a ghabh sé abhaile. Bhí a mháthair thuas an stairghe, [!] agus ar sise, A Sheáin, "cá bhfuil mé chor ar bith? Gabh aníos agus tabhair anuas mé". Ní fhaca tú aon áit bhreágh ariamh mar a bhí aca.(continues on next page)
- Collector
- T. Ó Domhnallaín
- Gender
- Male
- Informant
- Pádhraic Ó Nualláin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Kinvarradoorus, Co. Galway