School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Northampton, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0134
  3. XML “Scéaltaí faoi Thimpistí Farraige nó Thóiteán Mór a Tharla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    (2) Bhí simléir glantóir i gCinn Mhara uair amháin. Nuair a bhí an obair déanta aige tháinig sé amach an bóthair agus chuaidh sé isteach san bhfairrge agus thosuigh sé ag folcadh leis an súigh agus an salachar a ghlanadh. Nuair a bhí an snámh réidh aige triomaigh sé é féin. Bhí rópa mór aige agus cheangal sé an rópa timcheall an chloich agus agus [!] cheangal sé an rópa timcheall a chum. Shuidh sé sío[s] ar an ngainimh agus bhí in dáil le bheith 'na chodla[dh] nuair a tháinig na tonntracha móra agus scuab siad an fear in aghaidh an bhalla agus briseadh a chnámhaí go léir. An "stile" a chuaidh sé isteach ann tugtar "Stile an Simléir Glantóir" air.
    (3) Bhí fear 'na chomhnuidhe i gCeathrú Garbh dárbh' ain[m] dó Mícheál Ó h-Éidhin agus bhí sé an-saidhbhir. Bhí teach mór breágh aige ar nós páláis an Ríogh agus bhí an teach "insured" aige. An lá seo bhí sé ag dul go Gaillimh agus chuir sé splannc isteach i lár na leapthan. Bhí an teine ag fhadú de réir a céile nó go raibh an teach go léir tré théine. Nuair a chonnai[c] na buachaillí aimsire é rinne siad iarracht stop a chur leis acht níor éirigh leo. Bhí na rudaí measracha go léir millte. Níor shábaíliú acht uaireadóir óir. Nuair a tháinig an fear abhaile dubhairt sé "ó, ó céard a tháinig ar mo teach?. Ní raibh sé curtha "about" ar bith faoi. Chuir na buachaillí aimsire fios ar na "peelers" agus rinne siad iarracht an teine a chur amach ach dubhairt an fear "ná bac leis, ní féidir cosc a cur
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Congaoile
    Gender
    Male
    Address
    Gortaboy, Co. Galway