School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Northampton, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
![The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0138](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0048%2FCBES_0048_0138.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0138
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Northampton
- XML Page 0138
- XML “Scéalta faoi na Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)le cárr gainimh a thairringt is bhí sé deich míle uaidh. Chuaidh sé cúig mhile nuair a thuit an 'wheel' as an gchárr. Ní raibh fhios aige céard a dhéanfadh sé. D'fheach sé timcheall air. Chonnaic sé fear ar a ghlúnaibh i 'ditch'. D'iarr sé air cabhair a thabhairt dhó. Dubhairt an fear leis "tá mé ag déanamh mo 'phenance' annso agus gac oidhche nuair a bhíonn tusa a rádh do phaidhreacha ní thugann tú aon cabhair dom agus ní tiúbhrfaidh mise aon cabhair duith anois". Dubhairt an fear cúpla paidhreacha dó annsin in a inntinn. Nuair a d'fhéach sé timcheall air. bhí an fear imtighthe agus an 'wheel' ins an cárr chomh maith is a bhí ariamh(4)
Bhí cailleach ins an áit seo agus seo é an chaoi a bhfuair sí a 'power'
Bhí sí in a cailín aimsire ins an áit seo. Bhí ránaidhe de somach ann nach raibh aon mhaith ann. Sideóg a bhí ann. Nuair a chuaidh siad ag an mbaile mór an lá seo bhí sé ag screadach is ag caonachán ar feadh an lae is bhí an cail[ín] leath 'crackáilte' aige. Nuair a bhí sé turseach ceart aige sheas sí suas is fuair sí maide agus dubhairt sí "'by cripes' mara n-éistighidh tú anois caithfidh mé amach ar an sráid thú". "'Well' stopfaidh mé anois" arsa sé "is ní bheidh mé ag screadach níos mó." Stop sé agus dubhairt sé leithe "téigh suas ar an mbord agus chuir do lámh faoi'n rata sin thuas agus tabhair an bhfeidlín [> bheidlin] sin dom is tiubhrfaidh mise ceól chuaidh sí suas agus fuair sí an bhfeidhlín agus shín sí anuas cuige é. Nuair a bhí sé tuirseach a' tabhairt ceól di an ceól ba bhréaghtha dár chualadh tú ariamh chuir sí suas ins an áit céadna é. Nuair a bhí an bhfeidhlín thuas aige dubhairt an 'lad' tiubhrfaidh mise slighe maireachái[l] duith is ní bheidh tú ag obair annso níos mó. Tóg anuas an buidéal atá ann tabhair an buidéal sin leath agus coinnigh é. Ní bheidh le déanamh agat ach féacaint tríd an buidéal agus innseóchadh sé chuile(continues on next page)- Informant
- Riocáird de Búrca
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Cahermore, Co. Galway