School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
![The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0003](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0003.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0003
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0003
- XML “Seanscéal - Giolla na Luaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'imthigh leis bealach eile go dtug sé an mhuc isteach 'ag an nGaduidhe Dubh. 'Go mairidh tú t'fiacha' arsa Jack. 'Tá sin agat orm' ars' an Gaduidhe Dubh. Mharbhuigheadar an mhuc agus d'itheadar a ndóthain dí.
Lá ar 'na bháireach aríst bhí an Gaduidhe Dubh 'na shuidhe ag an bhfuinneóig agus Jack in aonfheacht leis agus chuaidh an fear céudna thar an doras, a chuaidh thairis an lá roimhe sin agus muc aige, chuaidh sé thar an doras an lá seo agus caora aige. 'Gabh amach agus goid an chaora sin ó'n bhfear sin' arsa Jack leis an nGaduidhe Dubh. 'Tá tú ag ceapadh má d'éirigh leat indé go n-éireóchaidh sé leat aríst indiu' ars an Gaduidhe Dubh. 'Cén geall a chuirfeas tú liom' adeir Jack. 'Cuirfidh mé deich bpunt leat nach ngoidfis í' ars' an Gaduidhe Dubh. 'Tá sé 'na mhargadh' arsa Jack. 'Tá' adeir an Gaduidhe Dubh.
Amach le Jack agus maide aige agus ghearr sé an t-aithghiorra ar fhear na caorach. San áit chéudna ar cheangail an fear an mhuc an lá roimhe sin thosaigh Jac ag cartadh. Bhí cosa na muice aige agus chuir sé a lorg san áit agus annsin d'imthigh sé isteach san gcoill ag gnúsacht is ag cartadh. Nuair a tháinig an fear go dtí an áit seo d'airigh sé an gnúsacht san gcoill agus chonnaic sé an cartadh agus lorgaí cosa na muice. 'Á' ar seisean, 'seo í mo mhuc a d'imthigh uaim indé,(continues on next page)- Informant
- Bairbre Bean Uí Maoil Eóin
- Gender
- Female
- Age
- 58
- Occupation
- Baintreach
- Address
- Ros an Mhíl, Co. Galway