Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0004
  3. XML “Seanscéal - Giolla na Luaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    níor chorruigh sí as seo". Cheangail sé an chaora den chrann céudna agus isteach leis ar thóir na muice. Nuair a fuair Jack imthighthe isteach é árduigheann sé leis an chaora go dtí an Gaduidhe Dubh.
    An tríomhadh lá chuaidh an fear céudna thar an doras agus cliabh ime aige. 'Goid an cliabh ime ó'n bhfear sin' arsa Jack leis an nGaduidhe Dubh. Cuirfidh mé leath-chéad punt leat nach ngoidfidh tú féin an t-im uaidh' ars an Gaduidhe. 'Tá go maith' arsa Jack. 'Bíodh sé 'na mhargadh'. D'imthigh Jack leis agus san áit chéudna aríst thosaigh sé ag méighleach is ag gnúsacht. 'Seo iad mo mhuc agus mo chaora' arsan fear. 'Dar fiche fiadh ar chaoi ar bith' ar seisean leis an gcliabh ime 'ní corróchaidh tusa as sin'. D'imthigh leis isteach san gcoill agus nuair a fuair Jack imthighthe é árduigheann sé leis an cliabh ime go dtí an Gaduidhe Dubh. "Go mairidh tú t'fhiacha' arsa Jack leis an nGaduidhe. 'Tá sin agat orm' ars an Gaduidhe.
    'Cuirfidh mé céad punt leat nach ngoidfidh tú an fáinne pósta de mhéar mo mhná anocht gan aon fhios aice air' ars' an Gaduidhe Dubh 'agus beidh 'rebholbhor' agam-sa chun tú a chaitheamh má fheicim ag teacht thú'. 'Cuirfidh mise céad punt leat go ngoidfidh' arsa Jack. Nuair a chuadar a chodhladh d'éirigh Jack go réidh agus chuaidh sé amach. Chuaidh sé go dtí an roilig agus thóg sé aníos fear nach raibh i bhfaid curtha.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bairbre Bean Uí Maoil Eóin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    58
    Gairm bheatha
    Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ros an Mhíl, Co. Galway