School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0012
- XML “Cromail an Caibléara Bróg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go h-Éirinn agus bhí sé ag tógáil na dtaltaí agus ag ruaigeadh na ndaoine thar sáile. Tháinig sé go dtí an feilméara agus dubhairt sé leis go gcaithfead sé imtheacht as an talamh. “Nach cuimhneach leat an socrú [a] déanad” adeir an feilméara. Níor chreid Cromail é acht theasbáin an feilméara an láimh sgríbhinn dhó agus sin [?] é an uair a thuig [?] sé an sgéal. “Cé thug fios dhuit-se go mbeadh mise ag baint taltaí de mhuinntir na h-Éireann? adeir Chromail. “Bhí fear ag dul thart ar fud na tire ar a dtugaidís an Bráthair Bán air, agus sin é a d’innis an sgéal dom-sa” adeir an feilméara.
D’imthigh le Cromail go bhfuair sé amach an Bráthair Bán agus d’fhiafruigh sé dó cén chaoi a raibh sé a i ndon innseacht don fheilméara go mbeadh sé fhéin ag baint taltaí do mhuinntir na h-Éireann agus “má bhí tú i ndhon é sin a innseacht is dóigh” adeir Cromail “go bfuil tú i ndhon innseacht cé'n t-achar a mhairfeas mise”. “An fhad is maith leat fhéin” adeir an Bráthair Bán. Bhí Cromail annsin chomh h-áthasa[ch] is a bhí Sul fadó nuair a chuala sé an sgéal seo.[?]
Thárla annsin go dtáinigh troid idir Cromail agus Rígh na Spáinne. Dubhairt Rígh na Spáinne go dtiúbhradh sé a inghean lé pósadh dhó dhá n-eireóchadh sé as an troid. D’eirigh Cromail annsin as an troid. Ní bhfuair sé acht spás bliadhna agus nuair a bheadh an bhliadhain istigh mara bpósfadh(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cladhnach, Co. Galway