Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0012

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0012
  3. XML “Cromail an Caibléara Bróg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go h-Éirinn agus bhí sé ag tógáil na dtaltaí agus ag ruaigeadh na ndaoine thar sáile. Tháinig sé go dtí an feilméara agus dubhairt sé leis go gcaithfead sé imtheacht as an talamh. “Nach cuimhneach leat an socrú [a] déanad” adeir an feilméara. Níor chreid Cromail é acht theasbáin an feilméara an láimh sgríbhinn dhó agus sin [?] é an uair a thuig [?] sé an sgéal. “Cé thug fios dhuit-se go mbeadh mise ag baint taltaí de mhuinntir na h-Éireann? adeir Chromail. “Bhí fear ag dul thart ar fud na tire ar a dtugaidís an Bráthair Bán air, agus sin é a d’innis an sgéal dom-sa” adeir an feilméara.
    D’imthigh le Cromail go bhfuair sé amach an Bráthair Bán agus d’fhiafruigh sé dó cén chaoi a raibh sé a i ndon innseacht don fheilméara go mbeadh sé fhéin ag baint taltaí do mhuinntir na h-Éireann agus “má bhí tú i ndhon é sin a innseacht is dóigh” adeir Cromail “go bfuil tú i ndhon innseacht cé'n t-achar a mhairfeas mise”. “An fhad is maith leat fhéin” adeir an Bráthair Bán. Bhí Cromail annsin chomh h-áthasa[ch] is a bhí Sul fadó nuair a chuala sé an sgéal seo.[?]
    Thárla annsin go dtáinigh troid idir Cromail agus Rígh na Spáinne. Dubhairt Rígh na Spáinne go dtiúbhradh sé a inghean lé pósadh dhó dhá n-eireóchadh sé as an troid. D’eirigh Cromail annsin as an troid. Ní bhfuair sé acht spás bliadhna agus nuair a bheadh an bhliadhain istigh mara bpósfadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Cromail (~315)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cladhnach, Co. na Gaillimhe