School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0077
- XML “An Mac Díchéillí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus faoi cheann tamaill beag rinne sé bullán go'n mhac seo i ngan fhíos go'n athair acht bhí draoidheacht ag an mac féin dhá bharr agus dubhairt sé leis fáinne a chur faoi na mhuinneál agus chuir agus dubhairt sé "tiocfaidh an fear siúd go dtí thusa ar báll agus déarfaidh sé leat go gceannóchaidh sé mise mar bhullán agus tiubhraidh sé an méid seo airgid dhuit orm acht ar a bhfaca tú ariamh bain an fáinne seo go mo mhuinnéal nuair a bhéas sé ag dul lé mo thabhairt leis".
Bhí go maith, tháinig sé go dtí é agus thairg sé an méid seo airgid dhó air agus bhain seisean an fáinne do'n bhullán agus choinnigh sé 'na láimh é agus d'imthigh seisean leis agus ar an teip rinne an fáinne fear breágh dhó féin aríst - sé sin an mac. Ba ghearr aríst go dtáinig an feairín beag agus rinne sé bullán aríst dó féin agus chuir an t-athair an fáinne draoidheachta faoi'n a mhuinneál agus tháinig an feairín beag agus cheannuigh sé an bullán acht bhain an t-athair an fáinne dhó agus bhí sé in a fhear(continues on next page)- Informant
- Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
- Gender
- Female
- Age
- 53
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Ros an Mhíl, Co. Galway