School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0078
- XML “An Mac Díchéillí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)breágh aríst. An tríomhadh uair rinne an feairín beag bullán go'n mhac aríst agus thug sé an t-athair isteach ag ól nó gur chuir sé ar meisge é. Annsin cheannuigh sé an bullán agus níor chuimhnigh an t-athair an fáinne a bhaint dhó agus bhí an mac ag an bhfeairín beag aríst.
Thug an feairín an mac abhaile leis agus chuaidh an t-athair abhaile gan an mac mar bhí sé ag ceapadh nach raibh aon mhaith dhó a bheith ag iarraidh an mhac a thabhairt leis mar bhí an feairín seo ag imirt na draoidheachta air. Nuair a tháinig an feairín abhaile bhí olc aige go'n mhac agus séard a rinne sé ná é a cheangal go'n rata agus an oiread seo coinnle a leigint ag silt na gcoinnle anuas air agus bhí seisean ag caoineadh lé pian agus lé bruith. Lá ar na bhárach chuaidh an feairín beag amach ag fiadhach agus d'orduigh sé go'n chailín ar a bhfaca sí ariamh gan é a leigint amach. D'imthigh leis amach agus faoi cheann píosa d'iarr sé ar an gcailín é a thógáilt anuas agus é a thomadh síos san loch(continues on next page)- Informant
- Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
- Gender
- Female
- Age
- 53
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Ros an Mhíl, Co. Galway