School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (Druim Sionnach)Is iomdha caoi a mbíonn fhios ag na daoine faoi droch-aimsir agus faoi aimsir bhreágh bíonn a fhios aca ó'n spéir é nuair a bhíonns an druim sionnach ins an spéir bíonn báisteach air, agus dhá mbeadh aimsir bhreágh air bheadh an spéir an-chrochta.
Nuair a bhíonn báisteach air bíonn an ghrian báidhte isteach san spéir agus nuair a bhíonns ceó ar an ngréin ceó triomacht a thugtar air. Tar éis a dhó-dhéag nó mar sin a thagann an ceó sin uirthi agus má bhíonn an ghrian an-dearg tráthnóna agus an spéir tar timcheall uirthi bíonn aimsir breágh air. Nuair a bhíonn stoirm air bíonn néalta móra bána ag rith ar fud na spéire.(Gealach Shathairn)Ní iarrann an máirnéalach gealach Shathairn a theacht san bhFóghmar acht chaon seachtmhadh bliadhain.
Ní minic a thagann gealach Sathairn le aimsir bhreágh. Nuair a bhíonn fáinne bán tart timcheall ar an ngealaigh bíonn báisteach air. Nuair a bhíonn an fear ar(continues on next page)- Collector
- Mairghréad Nic Cualáin
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Informant
- Colm Ó Cualáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway