School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus Alastrainn an t-ainm abhí air. Chuaidh sé amach lá ag fiadhach agus casadh an Cleasaidhe Ruad ar an sliabh dhó. "A Alastrainn," adeir an Cleasaidhe Ruadh "beidh cluiche cártaí againn".
"Tá go maith" adeir Alastrainn agus thosuigh siad ag imirt. Fuair Alastrainn an ceann a b'fhearr ar an gCleasaidhe Ruadh agus chuir sé faoi gheasa é an bhean is bréaghtha ar an domhan a tabhairt go dtí é agus an oiread seo bó agus caoire agus capall agus maora le breathnú 'na ndiaidh. Le iompódh do láimhe bhí siad ann agus le iompódh do leiceann bhí siad imtighthe. "Cá bhfuil siad? adeir Alastrainn leis an gCleasaidhe Ruadh. "Níor chuir tú d'fiacaibh ormsa," adeir an Cleasaidhe Ruadh, "iad a choinneál agat." Dimthigh Alastrainn abhaile agus b'fada leis an oidhche go dtáinig an lá aríst.
Lá ar na bháireach d'imthigh Alastrainn leis chun sléibhe ag súil go gcasaidhe an Cleasaidhe Ruadh leis agus casadh air é. "An n-imireóchaidh tú cluiche chártaí," adeir an Cleasaidhe Ruadh le Alastrainn.
"Le haghaidh sin a tháinig mé," adeir Alastrainn.
Thosuigh siad ag imirt agus fuair Alastrainn an buadh ar an gCleasaidhe Ruadh. "Cuirim faoi gheasa thú," adeir Alastrainn leis an gCleasaidhe Ruadh," an bhean a bhí agat annseo indé na ba na caoirigh agus na capaill agus na maortha dhá gcur abhaile rómpa."
Lá ar na bháireach d'imthig Alastrainn amach ar an sliabh aríst agus níor mhaith leis an mbean é sin. Dubhairt sí leis fanacht sa mbaile nó go mbeadh sé in aitmhéala acht ní raibh aon mhaith dhi leis. D'imthigh Alastrainn leis agus casadh an Cleasaidhe Ruadh air.
Thosuigh siad ag imirt chártaí agus fuair an Cleasaidhe Ruadh an ceann a(continues on next page)- Collector
- Séamus Bolustrom
- Age
- 13
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Informant
- Séamus Bolustrom
- Gender
- Male
- Age
- 60