School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0214
- XML “Toit Chonáin”
- XML “Aill a' Mhaistre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Toit Chonáin
Áine Ní FháthartaTá Toit Chonáin in aice leis an gCaorán. Deirtear go dtáinig Conán Maol an bealach seo sa tsean-aimsir. Bhí se tar éis a bheith ag fiach an lá seo agus bhí ocras air. Chuaidh sé síos ag an gcladach agus bhain sé lán a dhá phóca de bhairnigh. D'fhadaigh sé tine agus bhruith sé iad. Chuir sé síos toit bhairnigh agus d'ith s ansin iad. Tá na sliogáin le feiceáil ann go dtí an lá inniu. Tá na mílte agus na milliúin ann. Má thug sé leis ina phócaí an méid sin is má d'ith sé an bia uilig a bhí iontu, b'iontach an fear é. - Tá Aill a' Mhaistre thuas ar an sliabh ó thuaidh de loch na Tulaighe. Lá amháin bhí fear ag tóraidheacht bó a d'imthigh uaidh ar an sliabh. Tadhg Mhichíl a bhí air. Tháinic múr báistighe agus chuaidh sé ar fasgadh le taobh chloch mhór mhillteach a bhí ingar dó. Ní raibh sé i bhfad 'na shuidhe annsin nr. a chuala sé páiste óg ag caoineadh agus bean gá bhréagadh agus 'séard a dubht sí: "Stop, stop a leinbh, beidh laogh óg ag bó Tadhg Mhichíl amáireach agus beidh bainne againn."
"Más mar sin é," arsa Tadhg, "bíodh rí agaibh bheannacht agus chuaidh sé abhaile. Maidin lá'r na báireach bhí bó Thaidhg ag an doras agus laogh le na cois. Siomdha duine 'na dhiaidh sin a chuala maistreadh dá dhéanamh istigh san aill seo. Aill a Mhaistre a thugtar air ó'n am sin i leith.- Collector
- Áine Ní Fhatharta
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway