School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0200
- XML “Oíche Fhéile Sin Seáin”
- XML “An Tine Chnámh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)isteach, thar an gclaidhe a bhíos i n-aice an tighe agus deirtear go mbeadh bárr fada ar an ngarraidhe sin, nuair a bheadh sé fasta, agus go mbíonn an t-ádh ar an ngarraidhe céadna.
- Áine Ní Fhatharta do sholáthruigh
Oidhche "l" Sin Seáin bíonn teinte cnámh ar lasadh agus a gcuid soillse le feiceál ar fuaid Chonnamara ar fad agus gCo. an Cláir freisin agus a gcuid soillsí ag dul in aer.Na páistí a chuireas tús leis an teine cnámh i gcomhnaidhe. Ní túisge bhíos a ndínnéár ithte tharéis na sgoile acu ná seo ag stócáil na teineadh iad. Ar ard is gnáthach an teine dhéanamh. Mara mbíonn áit na teineadh sáthach árd socruightear bonn maith cloch agus faduightear an teine 'na mullach sin. Bíonn cúpla cnámh ag na páisití le cur sa teine agus faghann siad na splanncra le na fadú ó'n teach is goire dóibh.Cuirtear beirt ghasúr cnearta timcheall chuig na tighthe ag cruinniú luach na h-ola. Bíonn ceaaintín nó ciseán ag duine acu mar córr-theach a ngabhfaidis ann b'fhéidir nach mbeadh aon hphighinn ag bean a'tighe agus mara mbíonn tugann sí ubh dóibh.Le crón-dorchadas na h-oidhche bíonn an plód cruinnightthe timcheall na teine. Tugann gach duine
( to P. 202 )(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Fhatharta
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway