School: Cashel (roll number 11358)

Location:
Cashel, Co. Galway
Teacher:
P. Ó Lochlainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 166

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 166

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cashel
  2. XML Page 166
  3. XML “Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    pictiúirí agud rudaí eile in a áit. Ní iarraidís aon déirce fadó. Bhí sean-fhear ag dul thart ní raibh fhios ag na daoinibh cé'n t-ainm a bhí air ach "Slop the Puddin" ghlaoidhidís air. Bhí sé an-chrosta agus bhí sé as a chiall freisin. Bhí bean in comhnuidhe i Teombeola agus níor airigh sé é, lá amháin gur shiubhal sé isteach chuici. Ní raibh fhios aici céard a dhéanfadh sí mar bhí faitchíos uirthi roimhe. Annsin chuimhnigh sé ar chleas. Chroch sí an tulán agus leig sí uirthe féin go raibh an-fháilte aici roimhe. Fuair sí gabhail tuighe agus chaith sí i lár an urláir é, agus dubhairt sí leis, Muise níl aon duine le cúpla sugáin a chasadh liom agus má chasadh tú iad tiubrad tae duit. Chas sé an súgán gan focal a rádh, agus nuair fuair an bhean taobh amuigh de'n doras é leis, d'eirigh sí chaith sí amach 'na diaidh é, agus dhún sí an doras. "Anois a bhacaigh" a dubhairt sí leis "chuireas amach thú le chásadh an t-súgáin.
    Muinntir Chonaire agus Bháird is mó a dtagann timcheall anois. Fánann siad cúpla lá ag cruinniú gioblacha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Níc Donnchada
    Gender
    Female
    Address
    Scrahallia, Co. Galway
    Informant
    Miceál Mac Donncada
    Gender
    Male
    Age
    43
    Address
    Scrahallia, Co. Galway