School: Cashel (roll number 11358)
- Location:
- Cashel, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cashel
- XML Page 167
- XML “Seaniarsmaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl mórán sean íarsmaí thart annseo anois.
Ó thuaidh de Sruth-Sháile tá áit a dtugann siad Maigh-an-Fhathaigh air. Bhíodh na sean-daoine ag rádh go raibh fathach curtha. Tá teach beag déanta i ngar dhó. Tuairm is deich bliain ó shoin chuaidh fir as an mbaile ag féachaint raibh an fathach ann. Nuair a bhíodar trí troigh síos ann, ní raibh siad i ndon dul ní b'fuide. I n-aice na h-áite sin tá áit eile a dtugtar an Muing air. Tá leac ann agus tá lorg chos duine agus cosaí ainmhidhe ann.
Tá áit sa gcnoc a dtugtar Beatha Guaire air. Tá tobar beannuighthe ann agus taobh amuigh dhe tá leac a bhfuil lorg cos dhuine agus bhó air. Sin é an méid a bhfuil de sean-íarsmaí i mo bhaile-sa.- Collector
- Cáitlín Seóige
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway
- Informant
- Padhraig Seóige
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Scrahallia, Co. Galway