School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
![The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 070](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0011%2FCBES_0011_070.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 070
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 070
- XML “Scéalta Greannmhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar bun acu léim an cat suas an taobh eile díob agus d'orduigh siad gan mhinistéar an cat a chur anuas mar nár mhaith leo an cat a bheith ibpáirt leo ag ithe.
Agus dubhairt seisean nach gcuirfeadh mar go mbíodh an cat sin ag ithe in-éindigh leis féin i gcomhnaidh agus go gcaithfidís glacadh leis. D'éirigh siad ón mbord agus dubhradar nach n-íosfhidís féin aon bhlas an fhad is bheadh an cat ar an mbord. Thosuigh an cat ag clamhsán agus ag cur cuma ulc air féin agus shiubhail na daoine uaisle amach agus lean an cat amach iad agus b'éigean gan ministéara agus dá chuid searbhfhónta an cat a leanamhaint agus é a thabhairt ar ais ar fhaithcíos go marbhóchadh sé iad. Lá amháin chuaidh sé ar cuairt ag sagart parráiste agus thug sé cuireadh do'n t-sagart dul chun dinnéar la'r na bháireach agus gheall an sagart dó go ngabhfhadh agus tháinig agus nuair a bhi an dínnéar réidh shuidh an sagairt isteach chuig an mbord. Ní túisce a bhí sé suidhte ná léim an cat suas an taobh eile de. Agus dubhairt an sagart leis an ministéar an cat a chur anuas don bord agus dubhairt sé leis nach gcuirfeadh mar bgo mbíonn sé sin ag ithe in-éindigh leis féin igcomhnaidhe agus ní tiubharfeann an cat sin ar ór ná ar airgead a deir sé. Dubhairt an sagart nach mbéadh sé ag ithe in-éindigh leis(continues on next page)- Collector
- Tomás Breathnac
- Gender
- Male
- Address
- Caladh Mhaínse, Co. Galway
- Informant
- Stiopán Ó Nígh
- Gender
- Male
- Address
- Caladh Mhaínse, Co. Galway