School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 242

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 242

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 242
  3. XML “An Drochshaol - An Ghorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus is beag nar cailleadh chuile duine ann. Tá go leór daoine curta timcheall na h- áite seó. Bhí fear áirithe agus is é a chuireadh na daoine agus chúile dhuine a chuireadh sé geobfadh sé rud éigin as agus cúile duine a bheadh ag gághail bháis marbhochadh sé é agus cuirfeadh sé é. Na daoine saidbhre a bhí ann ní ráibh acú acht min-buidhe le n- ithe. Cé go ráibh go leor stoc san tír do chaithidís é a díol leis na Sasanaigh airgheadh an cíosa a fághail Tá go leór daoine curta timcheall na h-áite seo go mór mhór ins na garrantaí agus i sean bhóithre . Do bhí go leór daoine in a gcomhnaidhe timhcheall na h-áite seo roimh an gorta . Is minic a cuireadh ceathrar síos in aon pholl amháin san talamh gan bráithlín gan connra . Do bhídís ag deanamh droicheadacha ins an áit nach raibh gádh leis chor ar bith agus ag déanamh claidheacha. Do bhí daoine ag dul go Meriocá as sin amach go dtí an blian naoi déag fiche aon. an bhlían in a dhiaidh sin dfás na fataí arís. Tugann an dubh ar na fataí anois acht tá rud aca lé na chosc. I rith an ghorta chuaidh go leór daoine go tíghthe na mbocht ach ní raibh áit ag an leath díobh . Do bhí go leór luctaí lé fághail ortha ach rinneadar go leó maitheas do na daoine bochta. Is minic a dúnadh an líon tíghe go léar an doras agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Cheanndhubháin
    Gender
    Female
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway
    Informant
    Pádhraic Ó Cheanndhubháin
    Gender
    Male
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway