Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)

Suíomh:
Eoghanacht, Co. Galway
Múinteoir:
Mícheál Ó Flannagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 035

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 035

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eoghanacht
  2. XML Leathanach 035
  3. XML “Píolótaí na hÁite seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé leó go raibh dhá shoitheach eile luchtuighthe le adhmad ag teacht aniar 'na diaidh faoi ceann lae nó dhó, agus go mbadh cheart dóibh bheith ag faire ortha. Badh leis féin an soitheach araibh sé innte agus an péire eile. Faoi cheann sgathaimh d'árdaigh an gaoth agus d'imthigh an soitheach léi, agus tháinig fuireann an churraigh abhaile. Lá ar na bhárach bhí soitheac ariar thar na Sgeirdí leis an lá agus nuair tháinig sí aniar chuaidh an fuireann céadna amach le píolóitidhe go dtí í. Bhí an caiptín a bhí innte sin comh postamhail is burgh é an caoi a bhíodh duine den fuireann ag dúnadh a chuid bróga air agus gan postamhlacht ar bith ag baint leis an bhfear a bhí 'na únaer ar trí cinn de shoithighibh. Bhuel faoi cheann dhá lá tháining an triomhadh soitheach aniar agus bhín an trí cinn dhá bfalachain i nGaillim in éindigh. Badh é an ceann a raibh an unaer 'na chaiptín uirthe an céad ceánn a bhí réidh agus sheól sí léi amach. Faoi ceann seachtmaine nó mar sin 'na dhiaidh nuair a bhí an darna ceann ag imtheacht siar taobh thiar de na Blascaodaí in áit eicint tháinig sí ar bád beag ag imteacht ar bhárr na fairrge ar a béal fúite agus ainm an únaera agus an soitigh araibh sé na caiptín uirthe scríobhtha uirthe. Sin a fritheadh de tuairisc ar an soitheach ná ar a fuireann ariamh ó shoin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ni Fhlannagáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Eoghanacht, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Seánín Taim Ó Direáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    66
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Sruthán, Co. Galway