School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Location:
- Athenry, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- XML Page 045
- XML “Scéalta”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)[-]
(no title)
“Bhí Gobán Saor in Éireann fadó, agus bhí mach aige.”
Bhí gobán saor in Éirinn fadó, agus bhí mach aige. Lá amháin fuair sé teactra ó Rí Shasana ag glaodach air teacht go Sasana agus caisleán a chuir suas dhó féin, mar chuala sé go raibh an gobán in ann tighthe deasa a dhéanamh.
An lá ar na bhárach chuaid an gobán agus a mhach go Sasana. Nuair a chuaid siad go dtí an Ríogh chuir sé fáilte rómhar agus dubhairt sé leis caisleán a dhéanamh i dtreo nach mbeadh aon caisleán eile sa domhan chomh áluinn leis.
Thosuig an gobán agus a mhach ag an obair agus i gceann trí seachtmhaine, bhí caisleán breágh dhéanta aige. Acht annsin do chuala an gobán go raibh an Rí ar tí iad a mharbhú i dtreo nach mbeadh siad in ann aon caisleán eile a chur suas chomh dheas lé’n a caisleán féin. Do an gobán go dtí an Rí agus dubhairt sé go raibh an caisleán déanta aige acht píosa amháin agus nach feidir lei an píosa sin a chur suas gan casúr a bhí aige sa mbhaile agus go gcuireadh sé a mhach féin abhaile chun an casúr a fhághail. Acht dubhairt an Rí go gcuir sé a mhach féin abhaile chun an(continues on next page)- Collector
- Eimíle Ni Mháille
- Gender
- Female
- Address
- Montpelier, Co. Galway