School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Location:
- Athenry, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Dómhnall Ó Chonnaill in easbaidh péire bróga uair agus sé chuig an gréasuidhe agus dubhairt sé leis péire a dhéanamh dó. Dubhairt an gréasuidhe leis nach riabh aon leathair aige agus nach bhféadfadh sé na bróga a dhéanamh dó. “Níl fhios agam cén sórt fear chor ar bith thú nach bhfuil a lán leathair istigh agat i gcóir bróga. Bhéarfaidh mé £10 duit chun leathair a cheannacht. Fear a bhí ann sa t-airgead beidh air deoch a sheas i gcómhnaidhe” arsa Domhnaill. D’iarr an greasuidhe air céard a n-ólfadh sé agus dubhairt Domhnaill “Buidéal Special”. Casadh an gréasuidhe air lá eile agus thug an gréasuidhe 5/- dó chun an £10 d’íoc ar ais. “Fear atá ann sa t-airgead” arsan gréasuidhe “beidh air deoch a sheasamh.” “Céard a bhéas agat” arsa Domhnaill leis. “Buidéal Special” arsan gréasuidhe. Lá eile casadh le chéile iad arís agus thug an gréasuidhe 2/6 dó ag íoc an £10. “Fear a bhí ann sa t-airgead beidh air deoch a sheasamh” arsan gréasuidhe. B’éigin do Dhómhnaill 1/- a chur leis an 2/6 chun buidéal Special a cheanacht. Nuair a bhí sé ólta acu dubhairt Dómhnaill “Choinnigh an méid eile nó beidh sé go léir ólta againn agus ní dhéanfaidh sé mhaitheas d’aoinne”. B’é sin an chéad fear ariamh a d’imir tricí ar Dómhnaill Ó Chonnaill.
- Collector
- Nóra Ní Cadhain
- Gender
- Female
- Address
- Athenry, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Ó Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- Park, Co. Galway