School: Baile Nua (B) (roll number 9607)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Peadar P. Mac Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua (B)
- XML Page 020
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tamaill fúair sé amach an áit a raibh a mhac. Seas sé ag an geata lá agus núair connaic an mach é daithnigh sé é. Chuir sé a bhean am[ach] chuige le fágail amach céard a bhí ag teastá[il] uaidh. Chúaidh an bhéan isteach chuig a fear agus dúbhairt leis dul amach chuig an fear a bhí ag an ngeata. Chúaidh an bhean amach chuige agus dubhairt leis bheith ag imteacht. Chúaidh an bhean isteach arís agus dúbhairt le a fhear go raibh sé ag teastáil ón bfear tháobh amuigh. Thug an mac deich sgilling don mhnaoi chun é a thábhairt dhó acht ní thógadh an t-athar é / mar ní raibh uaidh acht a mhac a feichéal. Thug sé punt dí an úair seo chun a thabhairt dhó acht ní glachadh sé é mar ní raibh uaid acht a mhac a feicéal. Le sin chúaidh an mac amach agus sgaoil sé a acuid madrai in a dhíaidh chun an rúaigh do chuir air agus mharbuigh síad é. Núair chonnaich a bhean an rud a bhí déanta aige "Dubha[irt] sí leis cé'n fath a ndéarna sé sin agus dúbhairt sé gur é a athar a bhí ann. Núair chúala a bhea[n] sin [ ] sí leis bheith ag imteacht agus pardún d'fághail ar an peacha uatbhásach sin. Chúaidh sé go dtí an Easbog ar dtús acht ní thíubhradh sé pardún dhó. In a dhíaidh sin chúaidh sé go dtí an pápa acht ní thíubharach sé párdún dhó. Ar(continues on next page)
- Informant
- Micheál Ó Seachneasaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Moyne, Co. Galway