School: Baile Nua (B) (roll number 9607)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Peadar P. Mac Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua (B)
- XML Page 025
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt shúas i gcathair na Glaise fadó agus fado do bhí. Bhí síadh pósta agus bhí áon duine déag dé chlann mhac acu. Ní raibh céo ar bith acu acht ag obair ag an Teach Mhór. Cailleadh an mháthair agus bhí sé ag déanamh a dhíchill a dtógáil. Pósadh arís é le bantreach a bhí san áit. Bhí aici sin mac faoí cheann blíadhna agus bhí na h-aon clann déag eile in a beallach orthai. Núair a thagadh an t-athair abhaile san trathnóna beadh síadh ag déanamh gach rud as an mbeallach orthí. Dúbhairt sí leis go n-imtigeóch sí uaidh ar fada muna a gcuireadh sé ar bheallaigh na clann eile acht a mac féin. Céard déanaidh mé lofa ars an t-athair. Inseóchaidh mise dhuit a deir sí, cuir soir san áithe iad ag crúachadh cúpla buitheann coirce, Núair a gheobhaidh tú ann iad bhúail glas ar an doras agus dóghadh iad. Dúbhairt an t-athair le lofa ar maidin deifir a déanamh abhaile sa trathnóna. Rinne síad an t-an deifir abhaile agus t-an ríomad ortha chun dul chuig an áithe. San trathnóna dúbhairt an leas dearbhathár go rachadh sé féin in éinfeacht leo. Dubairt an mháthair nach racadh agus dúbhairt sé le na mháthair(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Catháin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Lissaniska, Co. Galway