School: Baile Nua (B) (roll number 9607)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Peadar P. Mac Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua (B)
- XML Page 057
- XML “Arán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San tam fadó is beag aran geal a bhíodh ag na daoine. Aran donn is mó a bhíodh aca. Gnítí é de mhin caiscín, min coirce no práta. I ngach teach bhíod brón láimhe agus gniódh na daoine an tarbhar do mheilt sa mbaile. Is cosamhail go meileadh na daoine timcheall na haite seo a gcuid arbhar féin mar ta baile sa gceanntar seo ar a dtugtar Poll na Brón.
Bhíodh a lan sagas aran ag na daoine. Gnítí aran as min coirce. Is amhlaidh a d'fliuchadh na daoine an min le uisge, cuirtí roinnt plúr tríd chum é a ghreamú le cheile agus annsin cuirtí cuma cáca air. Gnítí e do bhácáil i fráma ós cómhair na tinead. Cácaí deánta de práraí is mó a bhíodh ag na daoine. Tugttaí cácaí bocstaí ortha. Úaireannta gnití arán as seaghail acht bhíodh sé ana dubh agus cruaidh. Ní in oighean no bácús a gnítí é do bácail acht ar píosa leathan iarrain a a dtugtaí greidill.
Cuirtí cró ar an gcáca. Deireann daoine gur chun an crusta a daighneadh ar an gcáca a cuirtear air e. Deireann daoine eile gur(continues on next page)