Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (B)
- XML Leathanach 057
- XML “Arán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San tam fadó is beag aran geal a bhíodh ag na daoine. Aran donn is mó a bhíodh aca. Gnítí é de mhin caiscín, min coirce no práta. I ngach teach bhíod brón láimhe agus gniódh na daoine an tarbhar do mheilt sa mbaile. Is cosamhail go meileadh na daoine timcheall na haite seo a gcuid arbhar féin mar ta baile sa gceanntar seo ar a dtugtar Poll na Brón.
Bhíodh a lan sagas aran ag na daoine. Gnítí aran as min coirce. Is amhlaidh a d'fliuchadh na daoine an min le uisge, cuirtí roinnt plúr tríd chum é a ghreamú le cheile agus annsin cuirtí cuma cáca air. Gnítí e do bhácáil i fráma ós cómhair na tinead. Cácaí deánta de práraí is mó a bhíodh ag na daoine. Tugttaí cácaí bocstaí ortha. Úaireannta gnití arán as seaghail acht bhíodh sé ana dubh agus cruaidh. Ní in oighean no bácús a gnítí é do bácail acht ar píosa leathan iarrain a a dtugtaí greidill.
Cuirtí cró ar an gcáca. Deireann daoine gur chun an crusta a daighneadh ar an gcáca a cuirtear air e. Deireann daoine eile gur(leanann ar an chéad leathanach eile)