School: Baile Nua (B) (roll number 9607)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Peadar P. Mac Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 065

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 065

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (B)
  2. XML Page 065
  3. XML “Seán Tincéir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thug Seán cúig púnt don ngabha agus dimthigh leis.
    Ar an mbealach abhaile dóibh réabh an diabhal an mála agus chuaidh sé saor. Chuaidh Seán abhaile annsin agus dinnis sé an sgéal dá mnaoí. Ní raibh sé i bhfad sa mbaile nuair do siubhail an diabhal isteach chuige. "Caithfidh tú teacht liom anois" arsan diabhal le Sheáin. Rachadh agus fáilte arsa Seán acht tabhair am dom ubhal a iththe agus téirigh amach thú féin agus bain ubhall dhuit féin agus ceann damsa. Amach leis an diabhal, rug sé ar géag act má rug greamuigh sé don géag agus níor fhéad sé é féin a saoradh. Bhí sé ar crochadh den géag ar feadh seacht bhliadhain. Lá amháin chuaidh Seán amach ag baint cipíní agus cén géag ar bhris sé acht an géag ar a raibh an diabhail. Chuir sé an diabhail isteach í mbuidéal agus chuir sé an corc ar agis d'fág sé annsin é ar feadh cúpla bliadhain. I rith an ama sin d'éirigh ceann de na ba tinn agus chuaidh an bhean go dtí an siopa le h-aghaidh buidéal leigheas agus thug sé an buidéal in a raibh an diabhail ann leisí. Bhain sé an corc de'n buidéil agus d'eirigh leis an diabhail dul saor.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    AT1137: The Ogre Blinded (Polyphemus)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Mac Giolla na Áth
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Lissaniska, Co. Galway