Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 065](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0082%2FCBES_0082_065.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 065
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (B)
- XML Leathanach 065
- XML “Seán Tincéir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thug Seán cúig púnt don ngabha agus dimthigh leis.
Ar an mbealach abhaile dóibh réabh an diabhal an mála agus chuaidh sé saor. Chuaidh Seán abhaile annsin agus dinnis sé an sgéal dá mnaoí. Ní raibh sé i bhfad sa mbaile nuair do siubhail an diabhal isteach chuige. "Caithfidh tú teacht liom anois" arsan diabhal le Sheáin. Rachadh agus fáilte arsa Seán acht tabhair am dom ubhal a iththe agus téirigh amach thú féin agus bain ubhall dhuit féin agus ceann damsa. Amach leis an diabhal, rug sé ar géag act má rug greamuigh sé don géag agus níor fhéad sé é féin a saoradh. Bhí sé ar crochadh den géag ar feadh seacht bhliadhain. Lá amháin chuaidh Seán amach ag baint cipíní agus cén géag ar bhris sé acht an géag ar a raibh an diabhail. Chuir sé an diabhail isteach í mbuidéal agus chuir sé an corc ar agis d'fág sé annsin é ar feadh cúpla bliadhain. I rith an ama sin d'éirigh ceann de na ba tinn agus chuaidh an bhean go dtí an siopa le h-aghaidh buidéal leigheas agus thug sé an buidéal in a raibh an diabhail ann leisí. Bhain sé an corc de'n buidéil agus d'eirigh leis an diabhail dul saor.- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Giolla na Áth
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Lios an Uisce, Co. na Gaillimhe