School: Cromghlinn (C) (roll number 15411)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Óbáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromghlinn (C)
- XML Page 306
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)isteach an doras. "S eadh", ars bean Fionn, "Da mbeadh na fir sa mbaile ní bheadh an ghaoth ag seideadh isteach mar sin." "Céard a dheanfadh siad?" ars an fathach. Thogfadh siad suas an tigh agus chuirfeadh siad cúl an tighe in aghaidh na gaoithe" arsa bean Fionn.
Gan focal eile chuaidh an fathach amach agus chuir sé cúl an tighe in aghaidh na gaoithe. Bhí na tighthe sin déanta as adhmad agus bhí siad níos eadtruime ná na tighthe atá againn. Chuaidh sé isteach agus d'fhéach sé síos ins an gcliabhán. "Cé tá ins an gcliabhán?" adeir sé. "Sin é mo mac" adeir bean Fionn. Chuir sé a lámh síos ins an gcliabhán go bhfeicfeadh sé cé n sórt paiste abhí ann acht d'fhoscail an páiste a bhéal agus d'ith sé bárr an mhéir de.
Deir an fathach annsin "Dá mbeadh na fir in Éirinn chomh dána is atá na páistí níl fhios agam cé'n sort iad. D'iarr sé uirthe an raibh einnidh le n-ithe aice le n-a thabhairt dó. Deir sí "níl aon feol ins an teach agam acht má's maith leat tabhair isteach bullán as na páirceanna agus marbhuigh é agus déanfaidh mise anbhruith".
Chuaidh an fathach amach go dtí an pháirc san áit a raibh na bulláin. Bhí mac Fionn ag(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Fhaoithe
- Gender
- Female
- Address
- Kilskeagh, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Fhaoithe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Kilskeagh, Co. Galway