School: Magh Cuilinn
- Location:
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Teacher: Donncha Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Magh Cuilinn
- XML Page 205
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá aít ar a dtugtar "Sgeach" i bparoíste Mághcuilinn. Tá "Sgeach" timpeall leath-mhíle ó sráid Bhaile Mághcuilinn ar an mbóthar go dtí Uachtar Árd.Fágtar síos corp ar an mbóthar ag "Sgeach" mar is sean nós san áit í. Seo é an fáth a bhfágtar síos coirp ag "Sgeach".
San t-sean aimsir bhí daoine ag túrruidheacht sagart agus fuaireadar go leór airgidh ó Phaírlimínt Shasana le sagart a fuadach, agus dá bhrígh sin bhí ar na sagartaibh dul í bhfolach. Bhí faitchíos ar na sagartaibh Aifreann a léigheadh í séipéal nó dul go dtí roilig le beannacht a chur ar an gcorp mar bhí luct fúaidreamh na sagart ins na h-áiteachaibh sin.Bhí sagart in a bfolach í bpluais ag "Sgeach" agus nuair a bhí daoine ag tabhairt coirp go dtí roilig d'fághadar síos é ag an bpluais ionnas go mbeannochadh an sagart an gcorp.(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Chuilionáin
- Gender
- Female
- Address
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Informant
- Suibhán Bean Uí Chuilionáin
- Gender
- Female
- Age
- 84
- Address
- Maigh Cuilinn, Co. Galway