School: Magh Cuilinn
- Location:
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Teacher: Donncha Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Magh Cuilinn
- XML Page 209
- XML “Mac an Duine Uasail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Duine uasal a bhí ann agus ní raibh aige ach t-aon mac amháin. Fuair bean an duine uasail bás agus phós sé an dara huair ach súl ar phós sé cuir sé an mach isteach i n-oileán mar níor mhaith leis go bfeicheadh a bhean é. Bhí cailleach cearc ann agus dubhairt sí leis an leas-mháthair go raibh a leithead seo do mhach ar oileán ag an duine uasal agus go raibh sé coinnighthe ar an oileán, déunamh maitheasa air thar beadh ar mhac ar bith eile. “Budh mhaith liomsa é a fheiceáil” a deir an leas-mháthair . “Dá bhféadfainn é”. “ Dá mb’fhiú mo luach saothair é”, deir an chailleach. D’inseochainnse duit cé caoi a bhfeicthtá é”. “Céard tá tú dhá iarraidh orm?”. “Tiubhraidh mé dhuit é, má fhéadaim é fheicheál”. “Níl me ag iarraidh ort ach lán mo chaipín d'olann ”. Deir an leas- máthair, “nuair a rachaidh an t-athair amach amáireach a foghailéireacht” deir sí. “Marbhóchaidh mise coileac duit agus geobhaidh tusa ar do leabhaidh." “Fiafróchaidh sé dhiot cé chaoi bhfuil tú nuair a thiocfaidh sé isteach. Bíodh blogam fola an choilig i do bhéul agatsa agus chaith amach é nuair a rachaidh(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Suibhne
- Gender
- Female
- Address
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Informant
- D. Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Maigh Cuilinn, Co. Galway