School: Magh Cuilinn
- Location:
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Teacher: Donncha Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Magh Cuilinn
- XML Page 172
- XML “Ainmneacha na nGarraí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainmneacha na nGarrdhaSeo é an t-ainm atá ar gharrdha sa bhfeilm sa mbaile, Gort Bhárr na gCaiseal. Bhí fear ina chomhnaidhe ann uair amháin. Bhí teachaín beag aige. Bhí cearca agus lachain aige. Ghoid an sionnach cearc uaidh. Casadh an sionnach ar an bhfear lá eile. D'iarr sé air cé'n fáth ar thug sé an cearc uaidh. Deirtear go raibh na h-ainmhidhthe indon labhairt fadó. Sé an freagra a thug an sionnach dó ná,
I nGort Bhárr na gCaiseal
Níor sheas mé le bliadhain.
Cearc ná lacha
Níor thug mé i'm ghiall.Tá garrdha eile ann agus siad na h-ainmneacha atá ortha ná, Garrdha Iaucáis, Garrdha Árd, Bárr Chlaidigh, Garrdha Mhicil Bhrian, Garrdha Gleannacha, Garrdha Mhagaidh, Garrdha Bhairtle Mharcuis, Ceapa Fhraoigh, agus an Riscín.Tá cnocán sa bhfeilm ar a dtugtar Cnocán Cruaidh. Tá go leor cloch ann agus sin é an fáth go bhfuil an t-ainm sin air. Bhí conacra ag fear i nGarrdha Iaucáis agus tugadh an t-ainm sin air ina dhiaidh.(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Address
- Claídeach, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Claídeach, Co. Galway