School: Magh Cuilinn
- Location:
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Teacher: Donncha Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pisreóga i dtaoibh Lae BealtaineIs iomdha pisreóg atá i dtaoibh Lae Bealtaine. Níl sé ceart bainne nó im a thabhairt amach an lá sin. Ní leigtear splannc amach as an dteach an lá sin. Ní maith le daoine teine a chur síos go moch. Dá mbeadh muinn-tear an tighe ina suidhe go moch, agus dá mbeadh teine thíos acha acht muna mbeadh aon deatach le feiceál as teach ar bith eile do chuirfeadh siad an teine amach arís.Cuirtear an sgeach Bealtaine suas i ndíon an tighe. Is minic a cuirtear gad de timcheall na cuinneóige ar fhaitchíos go dtóg-fadh na sidheoga an bainne agus an t-im leó. Deirtear nach ndóighfeadh an teach dá mbeadh an sgeach Bealtaine ann. Bhí fear ann agus muna bhfeicfeadh sé an bhláth ar an sgeich Bealtaine go luath san Earrach ní theannuigheadh sé leis é. Cheap sé nach ndóighfeadh a theach dá mbeadh an sgeach Bealtaine ann. Bhíodh sé ’ghá rádh leis féin “Coinneóchaidh an sgeachaín Bealtaine mo thighthe gan bheith dóighte”Bhí bean ann fadó agus bhíodh sí ina suidhe ag fáinne an lae maidin lae Bealtaine. Bíodh sí ina suidhe faoi sgeiche agus túirne aici. Bhí an sgeach seo timcheall céad(continues on next page)
- Collector
- Maighréad Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Address
- Claídeach, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Claídeach, Co. Galway