School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 379
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do luigh an droch-shaoghal go trom ar an gceanntar seo agus níor bhréag "droch-shaoghal" a thabhairt air, acht buidheachas le Dia níor mhair mé an t-am úd.San mbliain 1846 chonnaic na daoine galar eicínt ag teacht ar na prátaí ar dtús. Sé'n galar a bhí ann ná an dubh. Shíl na daoine nach ndéanfadh sé mórán dochar do na prátaí acht nuair a lobhadar as éadan ins na pollaibh agus ins na tightibh bhí uathbhás mór ortha. Bhí na daoine ag brath an uair sin ar na prátaí agus ní raibh aon phlúr ná min le fághail an uair sin mar tá anois. Bhí beagán plúr ag teacht ó Americá ar a dtugtar "plúr Americá" air, acht ní raibh á cheannacht ach na daoine saidhbhre.An bhliain i na dhiaidh sin chuir na daoine na síol airís acht theipeadar airís. Annsin bhí na daoine bochta ag fághail bháis leis an ocras agus leis an bhfiabhrais. Deirtear go raibh 8,000 daoine i n-áit amháin a fuair bás de'n ocras gan cómhra gan braitlín ar éinne aca.(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Uaitéar Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- Over 60
- Address
- Gorterwulla, Co. Galway