School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 417
- XML “Cruatan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí cuid mhaith long agus cárr agus bád briste annseo. Do bhí bád ag teacht ón dtaobh eile de'n loch. Bhí sé i lár an locha. Bhí ceathrar sa mbád agus d'iompuigh sé. Bhí bean ann agus chuaidh sí síos go bun an locha dhá uair. Ceap sí go raibh sí an fhada ag dul síos ach ní raibh sí i bhfad ag teacht suas. Dubhairt sí gur féidir lei snáthadh agus bioráin a phiochadh ag bun na locha bhí sé chomh glan sin. Deirtear dá mba rud é go ndeacha sí síos an tríomhadh uair nach dtiocfhadh sí suas. Tháinig bád amach chuca agus bhíodar go léir sabháilte. Bhí bádadh eile déanta i n-Anach Cuain. Bhí aon fhear déág agus ochtar mná sa mbád. Bhíodar ag dul go dtí margadh i nGaillimh. Bhí caoire aca sa mbád. Chuir ceann aca a chos amach tríd an mbád. D'éirigh fear chun a chóta a chuir isteach sa bpoll. Chuir sé bun an bháid amach leis an cóta. Tháinig an t-uisge isteach agus bádhadh iad.Is minic a bhí cruach féir dóighthe. Lá amháín chuaidh cruach féir ar lasadh. Ach níor(continues on next page)
- Collector
- Úna Ní Luideáin
- Gender
- Female
- Informant
- Bairbre Ní Luideáin
- Gender
- Female
- Age
- 72