School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 414
- XML “Fathaigh agus Cailleacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fathaig agus callacha.Bhí an chailleach Néifín agus an chailleach Bhéarach ag troid uair amháin. Bhí an Chailleach Bhéarach ar Chairn Suidhe Fionn i nGleann, agus an Chailleach Néifín ar Bhinn Léibhe i gCorrnamóna, atá tuairim is sé míle uaidh. Tá píosa de Loch Choirib idir Gleann agus Corrnamóna.
Bhíodar ag caitheamh carraigeacha le'n a chéile. Chaith an Chailleach Néifín carraig an-a mhór agus ní raibh sí i n-ann é a chur an bealach ar fad, agus thuit sé i gCeap na mBalla, atá tuairim is leith-mhíle ó Chairn Suidhe Fionn.
De réir mar bhí na cailleacha ag troid bhíodar ag teacht síos go dtí an loch, ar gach taobh. Nuair a shrois an Chailleach Bhéarach an loch, fuair sí bád le dul treasna go Corrnamóna Bhí an chailleach eile ag caitheamh léití ar feadh an ama go léir. Uair amháin bhuail sé an bád agus chuir sí síos é, ach d'éirigh leis an gcailleach Bhéarach é a chur ag snámh arís.
Bhuail sí an bád an darna h-uair acht d'éirigh leis an gcailleach é a chur ag snámh arís.(continues on next page)- Informant
- Uaitéar Mac Donachadha
- Gender
- Male
- Address
- Gorterwulla, Co. Galway