Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmucadha
- XML Leathanach 033
- XML “Rí na mBréag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Rí ann fadó agus le méid a chuid bréag tugadh Rí na mBréag air. Bhí inghean ag Rí na mBréag agus bhí sí ar an mbean ba bhreághachta sa domhan. Dubhairt sé nach dtiubhradh sé le pósadh d’aon fear í acht fear a bhainfeadh h-éathach as le neart bréaga, agus duine ar bith nach mbainfeadh h-éathach as bhainfeadh sé an ceann dhe, agus cuirfeadh sé é ar cheann de na biorannaibh iarainn a bhí thart timcheall na cúirte. Nuair a bheadh cloigeann ar gach a bhí timcheall na cúirte ní phósfadh sí go deó.Chuala mac Dhonnchadh an t-Sneachta as an Tuircéis an scéal, Dubhairt sé le na mháthair a bhéile a réidhteacht dhó go dteigheadh sé ag iarraidh inghean Rí na mBréag. “Ó a amadáin mhóir nach mbainfid sé sin an ceann dhíot” ars an mháthair “a’s a liachtaighe leas a dhéanfá dhom-sa ag cur na lachain agus na cearca ag breith”. Chuir mac Donnchadh an t-Sneachta a shreangán féir aniar faoí na lár agus dimthigh leis ar thuairisg Rí na mBréag. Casadh Rí na mBréag leis i n-aice na cúirte. “Cé as a dtáinig tú no cá bhfuil do thriall” ars an Rí leis. “Mise mac Donnchadh an t-Sneachta as an Tiurcéis atá ag iarraidh d’inghin ort” adeir mo duine. “Cé mhéad fear ag t-athair sa Tuirceis?” arsa an Rígh. “Tá fear mór mór aige agus fear níos mo ná sin. Tá fear beag beag aige agus fear níos lúgha ná sin. Tá fear luath luath aige agus fear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Colm Cartuir
- Faisnéiseoir
- Seóirse Cartuir
- Inscne
- Fireann