School: Inistrághamhóir (roll number 15449)
- Location:
- Inis Treabhair, Co. Galway
- Teachers: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí lánamhain ann fadó agus bhí síad an bhocht. Lá amháin chuaidh an fear ar an aonach leis an gcapall a dhíol agus d'iarr sé cúpla sgilling airgid ar a mhnaoi agus thug sí dhá leath-choróinn dhó.D'imthigh an fear leis nó go dtáinig sé ar an aonach. Is geárr a bhí sé ann go dtáinig Ceannaidhe beag agus ceannaidhe mór go dtí é agus d'fiafruigh siad dó céard a bhí sé a d'iarraidh ar an gcapall. D'innis sé dhóibh.Dúbhairt síad leis nach mba bhfiú sin é agus dúbhairt an fear go gcaithfeadh sé leath-choróinn as a bhéal chuile uair a mbuailfidhe buille de mhaide air. Annsin bhuail an ceannaidhe mór buille de mhaide ar an gcapall agus chaith an fearr ceann de na leath-choróinneacha a fuair sé ó na mhnaoí ar an talamh, annsin bhuail an ceaddaidhe mór arís agus chaith an fear an leath-choróinn eile ar an talamh.Bhí fhios aca annsin go mba bhfíor den fhear é agus thug siad luach an chapaill go maith dhó. Nuair a bhí síad ag dul a bhaile annsin dúbhairt an ceannaidhe beag leis an gceannaidhe mór(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Mhullaoidh
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Inis Treabhair, Co. Galway
- Informant
- Darach Ó Mullaoidh
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Inis Treabhair, Co. Galway