School: Oileán Iarthach
- Location:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus is gearr go dtáinich siad go crann mór gar go theach Seáin. Chuaidh an fear sidhe suas sa gcrann. Lean Seán é agus ní túisge an bheirt thuas sa gcrann ná d’éirigh pálás breágh ós a gcómhair amach.
“Seo é mo theach-sa” arsan fear sidhe d’ith siad agus d’ól siad a sáith.
Dubhairt an fear le Seán dealg a bhaint de crann sgeithe ar bith a casfadh air agus é a sháthadh sa gcraipín a bhí ar chúl cinn a inghine agus go mbeadh a h-amharc aici go deo. Thug an fear sidhe pota óir dhó a mhairfeadh go deo dó ach gan a innseacht dhó neach beo ach dhá bhean agus dhá ingean ach gan dearmad a dhéanamh ar an dealg a sháthadh i gcúl a inghine.
D’fhág siad slan ag a chéile agus rinne Seán mar d’orduigh an fear sidhe dhó. Chuaidh sé abhaile chuig a bhean is a inghin agus mhair siad go sona seidhbhir na dhiaidh sin.- Collector
- Brighid Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Address
- An tOileán Mór, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Liodáin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female