School: Clochar na Toirbhirte, Liostuathail (roll number 4062)
- Location:
- Listowel, Co. Kerry
- Teachers: Bríd Nic Oscair An tSr. Íde An tSr. Muire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, Liostuathail
- XML Page 357
- XML “Fothracha - Caisleán Béil”
- XML “Fothracha - Lios ar Thalamh Mhuintir Uí Loinsigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá fothrach caisleáin ag Béal. Ban-tighearna Ciarraidhe a bhí in a cómhnaidhe ann. Bhí arm aici. Duine de'n arm sin a beadh Tomás Mac Muiris, ach do thréig an t-arm sin agus chun breab d'fhághail chuaidh sé isteach in arm Shasana. Bhí an ban-tighearna ar buile leis, ní nach ionguadh[?]. Ach chuimhnigh sí ar phlean chun sásamh a bheith aici. Chuir sí cuireadh cuige, ag iarraidh air teacht ar ais go féasta mór a bhí aici dó.
Annsan, siúd chun siubhail leis an mban-tighearna go Co. an Chláir agus fuair sí cúigear cailíní agus gléas sí iad in éide catha. Tháinig Tomás, agus cuireadh fíor chaoin fáilte roimis, agus shuidh sé chun an féasta. Nuair a bhí an féasta fé lán tseóil, amach leis na cailíní agus mharbhuigheadar ar an bpointe baise é. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Collector
- Siobhán Ní Maoilmhicíl
- Gender
- Female
- Address
- Listowel, Co. Kerry