School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 012
- XML “An Sagart Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a dhul go dtí an Pápa agus chuaidh sé go dtí an Pápa. Dubhairt an Pápa leis nach raibh aon nduine in ann aon mhaith a dhéanamh dhó acht an Sagart Dubh acht ní raibh a fhios aige cá raibh sé. D'imthigh sé ag cuartughadh an t-Sagart Dhuibh acht bhí sé ag cint air é a fhághail amach no go raibh sé seacht mbliadhna imthighthe.
Óidhche amháin chuaidh sé isteach i dteach agus bhí go leór daoine ar chuairt ann. Oidhche Shathairn a bhí ann. Bhí siad a' rádh gurbh é an Sagart Dubh a léighfeadh Aifreann amáireach agus bhí áthas mhór air nuair a chuala sé sin. Chuaidh sé go dtí an Sagart Dubh lá ar na mháireach agus dubhairt sé go ndeinfeadh sé a bhféadfadh sé dhó. Annsin thug sé páipéar dhó agus rud éigin sgríobhtha air agus dubhairt sé leis a dhul go geataí Ifrinn agus an páipéar a thabhairt don diabhal nuair a thiocfadh sé amach go dtí é. Annsin d'imthigh leis, agus chuaidh sé agus nuair a léigh an diabhal an páipéar chraith sé slabhra agus tháinig a mháthair amach. Dubhairt sé leithe an páipéar a thug an fear sin dhuithe a thabhairt dhó.(continues on next page)- Informant
- Máire, Bean Uí Finneachta
- Gender
- Female
- Age
- 57
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Doire Fhatharta, Co. na Gaillimhe