School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 025
- XML “An Leasmháthair”
- XML “Páidín Bídeach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus airgid. Thug siad neart airgid abhaile leo agus nuair a shroicheadar an baile bhí a n'athair go brónach agus an leas-mháthair curtha le fada agus tháinig a óige ar ais chuige nuair a chonnaic sé a chlann óg.
"Is mairg a bhíonns teann ar an saoghal". - Páidín Bídeach
Fadó shoin sa tsean-aimsir d'fhága long mhór Cuan na Gaillimhe. Bhí go leór paisinéirí ar bord aice. Badh' é an t-ainm a bhí ar an gcócaire 'Páidín Bídeach'.
Nuair a bhí an long sgathamh maith amach san bhFhairrge d'airigh an fuireann míolmór 'na ndiadh & bhí an míolmór at tí an long a iompú nuair a d'fhuagair an captaoin orra go gcaithfeadh duine éichint an chuid eile a shábháilt.
Dúbhairt Páidín Bídeach go shábháilfeadh sé féin iad ach go gcaithfidhe mála beatha a cheangailt ar a dhroim. An fhaid is a bhí Páidín Bídeach dhá ghléasadh féin, chaith an captaoin cathoair & canna & gabhar amach 'uig an míolmór le é a shásamh. Annsin caitheadh Páidín Bídeach amach chuige. Shluig an míolmór siar é & níor leag sé fiachal ar bith air.
Shíl an fuireann gur fadó a bhí Páidín Bídeach caillte. Ach nuair a tháinig siad i dtír thall céard a chonnaic siad ach míolmór sínte marbh ar an tráigh. D'oscladar é & céard a gheobhaidís istigh ann ach Páidín Bídeach & é 'na shuidhe ar chathaoir ag bleaghan an ghabhair síos sa gcanna.- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway