Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 025
- XML “An Leasmháthair”
- XML “Páidín Bídeach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus airgid. Thug siad neart airgid abhaile leo agus nuair a shroicheadar an baile bhí a n'athair go brónach agus an leas-mháthair curtha le fada agus tháinig a óige ar ais chuige nuair a chonnaic sé a chlann óg.
"Is mairg a bhíonns teann ar an saoghal". - Páidín Bídeach
Fadó shoin sa tsean-aimsir d'fhága long mhór Cuan na Gaillimhe. Bhí go leór paisinéirí ar bord aice. Badh' é an t-ainm a bhí ar an gcócaire 'Páidín Bídeach'.
Nuair a bhí an long sgathamh maith amach san bhFhairrge d'airigh an fuireann míolmór 'na ndiadh & bhí an míolmór at tí an long a iompú nuair a d'fhuagair an captaoin orra go gcaithfeadh duine éichint an chuid eile a shábháilt.
Dúbhairt Páidín Bídeach go shábháilfeadh sé féin iad ach go gcaithfidhe mála beatha a cheangailt ar a dhroim. An fhaid is a bhí Páidín Bídeach dhá ghléasadh féin, chaith an captaoin cathoair & canna & gabhar amach 'uig an míolmór le é a shásamh. Annsin caitheadh Páidín Bídeach amach chuige. Shluig an míolmór siar é & níor leag sé fiachal ar bith air.
Shíl an fuireann gur fadó a bhí Páidín Bídeach caillte. Ach nuair a tháinig siad i dtír thall céard a chonnaic siad ach míolmór sínte marbh ar an tráigh. D'oscladar é & céard a gheobhaidís istigh ann ach Páidín Bídeach & é 'na shuidhe ar chathaoir ag bleaghan an ghabhair síos sa gcanna.- Faisnéiseoir
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ainmneacha eile
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe