Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 034

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 034

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 034
  3. XML “An Gasúr a Chuaigh go hIfreann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar an leas-athair mar ní raibh súil aige leis an ngasúr choidhche. Ní gasúr a bhí ann faoi an am seo ach stócach mór. Faoi cheann sgathaimh 'na dhiadh sin d'imthigh an buachaill leis annsin ag saothrú bheatha.
    Bhí sé ag imtheacht & ag síor-imtheacht go dtáinic sé go dtí teach duine uasail, & d'fhiafruigh sé dhe cá raibh a thriall? "Ag cuartú áit aimsire" ars an buachaill. "Is maith mar thárla" ars an duine uasal. "Ag cuartú buachalla atá mise". "Ó, tá sé ró-fhada sa lá anois pé br é" ars an buachaill "le dhul ag déanamh tada". Bhí fhios ag an duine uasal go maith go raibh tuirse & codladh air. Thug sé béile dhó & dúbhairt leis síneadh ar an leabaidh go ceann sgathaimh.
    Chuaidh sé a' chodladh & bhí sé 'na thráthnóna nuair a d'éirigh sé. "Má théidheann tú síos sa teach seo thíos anocht & fanacht ann go maidin, tiúbhra mé cúig phunt dhuit", ars fear a' tighe. "Déanfaidh sin" ars an buachaill. Chuaidh sé síos sa teach & nuair a bhí sé amach go doimhin i lár na h-iodhche, bhí sé a' breathnú timcheall air & ba ghearr go bhfaca sé duine geal ag cur a chloiginn siar 's aniar i ndoras an tseomra trí huaire.
    Ar maidin d'imthigh leis go dtí teach a mháighistir. 'San oidhche aríst dúbhairt an duine uasal leis go dtabharfadh sé cúig phunt eile "ach fanacht anocht ann". "Ar mo pháighe tá mé ag imtheacht" ars an buachaill, "& ní feárr liom caoi do shaothróchadh mé cúig phunt".
    Thárla an rud céadhna sa teach soe mar thárla an oidhche roimhe sin. Tháinic sé abhaile & chuaidh sé a chodladh. D'éirigh sé tráthnóna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT0756B: The Devil's Contract
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ainmneacha eile
    Cáit, Bean Uí Ghiobúin
    Ceata, Bean Uí Ghiobúin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe