School: Ros Muc
- Location:
- Ros Muc, Co. Galway
- Teacher: Stiofán Ó hOisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Muc
- XML Page 389
- XML “Baintreach agus Feilméara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Baintreabhach agus feilméara.Bhí baintreabhach agus feilméara ann fadó. Cheannuigh an baintreabhach píosa talmhan le haghaidh fataí a chur. Chuir sí fhéin agus an chlann na fataí. Bhí go maith is ní raibh go holc bhí na fataí chomh breágh sin agus gur choinnigh an feilméara na fataí uaithi.
Ní raibh fhios aice céard a dhéanfadh sí. Sgathamh maith ina dhiaidh sin cailleadh an feilméara. Nuair a bhéadh na daoine ag dul thar theach an phobail d'aireochadh siad torann agus ní leigfeadh an faitchíos do na sagairt a dhul isteach ann. Chuir an Pápa leitir chuig na sagairt ag fiafruigh dhíobh an mbéadh sé de misneach ag duine ar bith dul isteach ann. Bhí sagart amháin ann agus chuaidh sé isteach ann agus dubhairt sé leis an taidhbhse imtheacht.(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Thnúthail
- Gender
- Female
- Address
- Ros Cíde, Co. Galway
- Informant
- Micheál Ó Tnúthail
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Ros Cíde, Co. Galway