School: Ros Muc
- Location:
- Ros Muc, Co. Galway
- Teacher: Stiofán Ó hOisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus bhí sé dorcha. Chuaidh sé isteach san teach agus bhreathnuigh sé sa teach nuair a tháinig sé isteach agus ní raibh sa teach acht sean fhear is bean óg pósta aige. Nuair a bhí sé sgathaimh isthigh annsin chuimhnigh sé ar an gcomhairle amach leis annsin. Bhí an oidhche an dorcha. Sé an áit a ndeacha sé annsin isteach i gcruach fhéir agus chuala sé beirt fhear ag caint taobh amuigh de'n gcruach fhéir agus iad leigthi isteach le ceann na cruaiche. Siúd an bheirt a bhí ann an bhean óg a bhí pósta ag an sean fhear agus fear eile. Bhí siad ag déanamh amach cé'n chaoí a marbhóchaidís an sean fhear agus léar mar bhí an bheirt seo ag caint bhí sisúir ag an bhfear a bhí sa gcruach agus bhí sé ag gearradh píosa de sheacáid an fhir. Bhain an bhean óg isteach sa teach annsin agus mharbhuigh sé an sean fhear. Nuair a bhí sé marbh annsin aca chuaidh an bhean óg go dtí na gárdaí agus dubhairt sí go bé an fear seo a mharbhuigh é agus cuireadh(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Uí Chonaire
- Gender
- Female
- Address
- Ros Cíde, Co. Galway
- Informant
- Parthalán Ó Conaire
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Ros Cíde, Co. Galway