School: Ros Muc
- Location:
- Ros Muc, Co. Galway
- Teacher: Stiofán Ó hOisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)pósta ag sean fhear. Gan aon bhlas a dhéanadh san oidhche a mbeadh aithbhéal ar maidin air.
Bhí na trí chomhairle annsin aige agus thug an fear an dá cháca dhó. Ar a bhfaca tú ariamh adeir an fear ná bain aon bhlas dé'n cháca go dtéighe tú abhaile. Acht deir sé féadfa tú an cáca mór a ithe. D'imthigh leis annsin agus ní raibh sé i bhfad ag siubhal gur casadh beirt fhear dhó a bhí ar aimsir agus bhíodar ag teacht abhaile. Dubhairt duine de na fir leis an bhfear seo. Seo anois bóthar agus déanfa muid aithghiorra bhréagh. Déanfa adeir an fear seo acht ní raibh sé acht leath bealaigh nuair a chuimhnigh sé ar na trí chomhairle a thug an fear dhó. Fillfe mise aríst adeir sé agus dfhill sé. Ní raibh sé leath bealaigh aníos an bóthar nuair a chuala sé an bheirt seo ag sgréachaoil agus ag béiciú. "Tá an bheirt eile marbh" adeir sé leis fhéin. D'imthigh leis annsin Bhí sé gar do theach(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Uí Chonaire
- Gender
- Female
- Address
- Ros Cíde, Co. Galway
- Informant
- Parthalán Ó Conaire
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Ros Cíde, Co. Galway