School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 068
- XML “Bídeach na gCarad”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gabhfaidh mé Gaillimh go gceannuighid mé báidín seóil
Déanfadh long ar an bhfarrge le h-aghaidh bheith ag déanamh spóirt
Ar filleamhaint abhaile agus lighidh ar bith a fhághail gan Chóir
Ní comhnócad faoí bhealach go mblaisfead go Phóig mo StóirShíos ag an tobar seadh chuir mise an fáinne amugha
Dhearc mé an ainnir ba dheise is ba bhreághtha snódh
Bhí a gruadh thrí lasadh is a leagan mar bhláth na n-ubhall
Is nuair a shíl mise í a mhealladh níor leig sí mo shláinte liom.Is mílse póg bhideach ná uisce Loch Éirne ar fad
Ná an chéad sguth den chruithneacht is í fuinnte as Súgh an mhil bheac
Is le do rós bhéilín mhilis mheall tú na céadtha fearIs a bhideach Na gcarad tig feast nach sabhgra é
Má shíl tú mé mhealladh ar a mhalairt Ná dúiltigh mé
Dhá mbeadh sé 'cur seacha 'chur shneachta as gach ceárd den spéir
Ba ghearr liom an t-seactmhain a bhéinn ag comhrádh le glór do bhéilTá dúighthín mín milis ag bideach taobh thall den Cuan
Go bhfasfadh an t-ubhall Chumhtra ann a bhaintear faoi dhó sa mbliadhain
Tá na mónógaí meala ag na meachain ins gach ceárd sa sliabh
Is tá an siúcra donn craithte ar a mblaiseann bríghid bhán den bhiadh.(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Bairbre Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Tuairín Mín, Co. Galway